|
Le freagairt ar an éileamh atá ann do mhúinteoirí
sainábhar in earnáil na hiar-bhunscolaíochta
lán-Ghaeilge, tháinig na trí institiúid,
Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Ollscoil na Banríona
(QUB) agus Ollscoil Uladh (UU), le chéile i bpáirtnéireacht
le cúrsa iarchéime san oideachas a chur ar fáil
do mhic léinn ar suim leo bheith ag teagasc san earnáil
seo.
Méadaíodh an lion iontrála mac léinn
don PGCE in QUB agus in UU do na hiarratasóirí sin
a bhfuil suim ar leith acu post a fháil in oideachas iar-bhunscolaíochta
lán-Ghaeilge. Bronnfar Teastas san Oideachas Dátheangach
ar na mic léinn seo ar chomhlánú an chúrsa
dóibh, mar aon leis an cháilíocht PGCE ó
QUB nó UU.
Iarratas do TICO san Iar-Bhunoideachas Lán-Ghaeilge
Ní mór d’iarratasóirí cur isteach
ar chúrsa PGCE le QUB nó le UU (ag brath ar an ábhar
s’acu féin) agus a chur in iúl ar an fhoirm
iarratais go bhfuil suim acu in oideachas lán-Ghaeilge.
Tá ardchumas sa Ghaeilge riachtanach. Ciallaíonn
seo A Leibhéal nó a chomhionann de ghnáth.
Struchtúr an Chúrsa
Leanfaidh mic léinn na cúrsaí PGCE atá
deartha ag QUB nó UU ag brath ar an sainábhar s’acu
féin.
Ullmaíonn QUB mic léinn le bheith ag teagasc sna
hachair seo a leanas: Béarla, Matamaitic, TEC/Ríomhaireacht,
Eolaíocht, Nua-Theangacha, Oideachas Reiligiúnach
agus Eolaíocht Shóisialta/Saoránacht.
Ullmhaíonn UU mic léinn le bheith ag teagasc sna
hachair seo a leanas: Ealaín agus Dearadh, Béarla
le Drámaíocht agus na Meáin, Tíreolaíocht,
Stair, Eacnamaíocht Bhaile, Ceol, Corpoideachas agus Teicneolaíocht
agus Dearadh.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na hábhair
ar leith a thairgtear agus ar struchtúir na gcúrsaí
PGCE ar shuímh idirlín QUB (www.qub.ac.uk)
agus UU (www.ulster.ac.uk).
Beidh ar na mic léinn, a n-éiríonn leo áit
a fháil ar an chúrsa don oideachas lán-Ghaeilge,
gnéithe breise den chúrsa a bhaineann leis an oideachas
dátheangach a chomhlánú. I measc na ngnéithe
breise seo, beidh clár Ghaeltachta sa samhradh agus san
earrach le comhlánú (15 la san iomlán), seachtain
ionduchtaithe i Lúnasa 2009 agus seachtain amháin
sa bhreis i Meitheamh 2010. Cuirfidh Coláiste Ollscoile
Naomh Muire, a bhfuil traidisiún an-láidir acu in
oiliúint mhúinteoirí don earnáil lán-Ghaeilge,
an fócas dátheangach seo ar fáil.
Teagmháil
Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil
le Jill Garland (Comhordaitheoir TICO don Iar-Bhunscolaíocht
Lán-Ghaeilge) ar an ghuthán ag 90268283, nó
tríd an ríomhphost. |