|
Is cúrsa lánaimseartha bliana é an Teastas
Iarchéime san Oideachas atá aitheanta go hiomlán
ag an Roinn Oideachais. Teagasctar formhór an chúrsa
trí mheán na Gaeilge agus dírítear
ar chéimithe atá ag iarraidh bheith ag teagasc i
mbunscoileanna lán-Ghaeilge é.
Aidhm an Chúrsa
Is í aidhm ghinearálta an chúrsa deis a
sholáthar do mhic léinn:
- réimse d’inniúlachtaí gairmiúla
a fhorbairt;
- bheith rannpháirteach i ndíospóireacht
eolasach faoi mhórcheisteanna oideachais agus oiliúna;
- machnamh go domhain ar ghaolmhaireachtaí teoirice /
cleachtais laistigh de chomhthéacsanna gairmiúla;
- cos a choinneáil le taighde, nuálacht agus forbairtí
san oideachas i gcoitinne agus sa ghaelscolaíocht go
háirithe;
- scileanna taighde a fhorbairt.
Struchtúr an Chúrsa
Ó Mheán Fómhair 2006 ar aghaidh beidh an
cúrsa TICO struchtúrtha ar bhonn modúlach
mar atá molta ag an QAA Qualifications Framework for
England, Wales and Northern Ireland. Chun go n-éireoidh
le mic léinn sa chúrsa TICO (trí mheán
na Gaeilge) ní mór dóibh pas a fháil
i ngach ceann de na 3 mhodúl seo a leanas:
Modúl MPS4001 Obair Scoilbhunaithe
Modúl MPS4002 Foghlaim agus Teagasc
i mBunscoil lán-Ghaeilge
Modúl MPS4003 Peirspictíochtaí
ar an Churaclam Bunscoile
Tugtar creidiúint ag leibhéal Máistreachta
do mhodúil MPS4002 agus MPS4003, is fiú 20 pointe
ag M-leibhéal an modúl iad. Tugtar creidiúint
ag leibhéal onórach do mhodúl MPS4001 agus
is fiú 20 pointe ag H-leibhéal é.
Ábhar an chúrsa
Tá ábhar an chúrsa
bunaithe ar riachtanais Churaclam TÉ agus tugtar deis do
mhic léinn léargas suntasach a fháil ar shaincheisteanna
oideachais a bhaineann leis an tumoideachas. Maireann an
cúrsa sé seachtaine is tríocha agus caitear
ocht seachtaine déag den tréimhse seo ar thaithí
teagaisc sna scoileanna. Caitheann mic léinn dhá
bhloc de thaithí scoile i seomra ranga i mBunscoil lán-Ghaeilge
agus bloc amháin i mBunscoil lán-Bhéarla.
Moltar go mbeidh
ardchumas i labhairt agus i scríobh na Gaeilge acu sin
atá ag iarraidh cur isteach ar an chúrsa seo. Tá
agallamh agus tasc scríofa mar chuid den ghnáthamh
roghnúcháin.
Foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais
ó Oifig Iontrálacha an Choláiste.
Spriocdháta d’iarratais Aoine 26 Feabhra 2010
Le tuilleadh eolais a fháil déan
teagmháil le Dr Gabrielle Nig Uidhir ar an ghuthán
ag 90268202, nó tríd an ríomhphost. |